Sos Cogaidh agus Conradh
Chreid go leor nach mairfeadh an Sos Cogaidh i bhfad. Chuaigh Art Ó Gríofa agus Mícheál Ó Coileáin chun cainte le Rialtas na Breataine, thar ceann na Dála, faoi Chonradh. Ní dheachaigh de Valera. Bhí sé i gceist aige nach síneofaí aon rud go dtí go bpléifí leis féin sa bhaile é agus go mbeadh Ó Coileáin agus Ó Gríofa in ann diúltú do shocrú ar bith nach raibh feiliúnach dá bhrí sin. Níor oibrigh an plean a bhí acu, agus i mí na Nollag shínigh siad Conradh. Níor bhain siad neamhspleáchas iomlán amach, bheadh mionn dílseachta le tabhairt don Rí agus níor éirigh leo saoirse a bhaint amach ach do 26 contae. Dúirt Ó Coileáin go mba cheart glacadh leis mar gheall, dar leis, gur gcuireadh an Conradh ar a gcumas níos mó saoirse a bhaint amach. Dúirt sé freisin go mbeadh siad in ann go leor de chontaetha an Tuaiscirt a fháil ar ais trí Choimisiún Teorann, rud nár tharla. Scoilt an tIRA agus scoilt an tír faoin gConradh. Ba é de Valera an ceannaire polaitiúil ba mhó a bhí in aghaidh an Chonartha, ach is beag tionchar a bhí aige ar cheannasaíocht an IRA. Bhí níos mó tacaíochta acu siúd a bhí ar son an Chonartha. Bhí tacaíocht acu óna sean-naimhde polaitíochta, ón Eaglais Chaitliceach, ó na meáin agus ó lucht an rachmais. Bhunaigh siad a n-arm féin, Arm an tSaorstáit. Tharraing Fórsaí na Breataine amach as 26 contae. Ionsaíodh roinnt daoine saibhre, roinnt feirmeoirí móra, roinnt daoine a thug cúnamh don Bhreatain agus roinnt Protastúnach. Go minic bhí níos mó ná cúis amháin ann le hionsaí a dhéanamh ar na daoine sin. Uaireanta ba iad an tIRA a rinne na hionsaithe. Uaireanta eile coirpigh nó baill den phobal nó fiú daoine a bhí in Arm an tSaorstáit, an fórsa nua míleata a cruthaíodh do lucht tacaíochta an Chonartha, a rinne na hionsaithe.