An Cogadh Cathartha
Cuireadh tús leis an gCogadh Cathartha nuair a thosaigh lámhach ar an 28 Meitheamh 1922 i mBaile Átha Cliath. Bhí Ó Coileáin faoi bhrú mór ó Rialtas na Breataine. Fuair sé gunnaí móra ar iasacht ó Arm na Breataine agus d`ionsaigh sé ceanncheathrú an IRA sna Ceithre Cúirteanna i mBaile Átha Cliath. Scaip an troid amach ar fud na tíre. Bhí an tIRA níos láidre sa deisceart ná aon áit eile, cé go raibh siad láidir san iarthar agus san iarthuaisceart freisin. Ba sna ceantair sin, i measc bhochtáin na tuaithe, ba mhó a bhí tacaíocht acu sa phobal freisin. Ach bhí drogall ar dhaoine a throid le taobh a chéile roimhe sin troid in aghaidh a chéile, agus bhíothas ag súil go dtiocfadh deireadh leis an troid go luath. Fad is a bhí Ó Coileáin ar cuairt ag trúpaí i gCorcaigh, ar an 22 Lúnasa 1922, ionsaíodh é féin agus a chuid fear. Maraíodh Ó Coileáin. Lean an Cogadh Cathartha ar aghaidh ar feadh níos mó ná leath-bhliain eile. D’éirigh sé níos foréigní. Chuir an Rialtas daoine chun báis agus rinne an Eaglais Chaitliceach coinnealbhá ar phoblachtánaigh. Ar an taobh eile, d’ionsaigh poblachtánaigh sean-naimhde ar nós iar-bhaill an RIC agus lucht tacaíochta an Chonartha. Chuaigh roinnt den phobal ina n-aghaidh mar gheall ar a n-iompar, agus rinneadh gearáin go leor faoi iompar shaighdiúirí an tSaorstáit freisin. De réir a chéile, fuair arm an tSaorstáit an lámh in uachtar. Ach ní raibh ceannaire an IRA, Liam Lynch, ag iarraidh éirí as an troid, cé go raibh sé soiléir go raibh an cogadh caillte acu. Nuair a maraíodh é, tháinig ceannaire nua ina áit, Frank Aiken. Dúirt seisean leis an IRA stopadh ag troid. I mí Aibreáin/ Bealtaine 1923 tháinig deireadh iomlán leis an gCogadh cé gur lean ionsuithe, marú agus ruathair ar aghaidh ar feadh tamaill ina dhiaidh sin. Cuireadh na mílte poblachtánach faoi ghlas i gcampaí géibhinn le linn na tréimhse sin freisin, agus gan barúil ar bith tugtha dóibh cén uair a scaoilfí saor iad. Le hiarracht a saoirse a bhaint amach chuadar ar stailc ocrais. Nuair ba léir go raibh an Rialtas sásta ligean dóibh bás a fháil d`éirigh na poblachtánaigh as an stailc ocrais, agus scaoileadh saor iad ina dhiaidh sin.