Cogadh na Saoirse
I 1919 bhunaigh Sinn Féin parlaimint nua i mBaile Átha Cliath, an Dáil. D’fhógair siad poblacht, ina raibh Éamon de Valera mar Uachtarán agus Mícheál Ó Coileáin mar Aire Airgeadais sa Dáil nua. Faoin Dáil nua cuireadh tús le córas cúirteanna nua agus bunaíodh fórsa póilíní nua. Dúirt siad le daoine gan baint a bheith acu le cinn na Breataine. Ag an am céanna thosaigh na hÓglaigh (an tIRA mar a baisteadh anois orthu) ag ionsaí póilíní agus iad ag iarraidh a gcuid gunnaí a thógáil. Cuireadh Ó Coileáin i gceannas ar fhaisnéis a bhailiú faoin namhaid. D`earcaigh sé spíodóirí sna póilíní agus san Arm, agus mharaigh sé bleachtairí agus spíodóirí na Breataine. Is Éireannaigh a bhí san RIC (póilíní) den chuid is mó. D’fhág go leor acu timpeall an ama seo, d’fhan cuid eile díobh ach bhí siad míshásta le rialtas na Breataine agus thug roinnt acu siúd eolas don IRA. D’oibrigh roinnt eile níos crua ná riamh ar son an Rialtais. Cuireadh na Dúchrónaigh (Black and Tans) agus na Cúntóirí (Auxiliaries) ón mBreatain le cúnamh a thabhairt don RIC. Scaip na Dúchrónaigh go dtí beairicí an RIC ar fud na tíre. Cuireadh na Cúntóirí i ngrúpaí de 100 chuig ceantair ina raibh an tIRA réasúnta láidir. Mhéadaigh ar an bhforéigean seachas a mhalairt. Thosaigh an tIRA colúin reatha le troid níos éifeachtaí a dhéanamh. Ba 20-30 fear a bhí sna colúin seo, a d’fhan amuigh sna cnoic agus a d’ionsaigh na póilíní agus an t-arm nuair a d’fheil sé dóibh féin, sular fhill siad arís ar na cnoic. Ba mhinic le Fórsaí na Breataine ionsaí a dhéanamh ar an bpobal tar éis don IRA ionsaí a dhéanamh orthusan. Tarraingíodh droch-cháil orthu nuair a ionsaíodh gnáthbhaill den phobal. Ar an 21 Samhain 1920, chuir Ó Coileáin grúpaí timpeall le spíodóirí a bhí ag fanacht i dtithe príobháideacha i mBÁC a mharú. Mar dhíoltas d`ionsaigh Fórsaí na Breataine slua i bPáirc an Chrócaigh. Baisteadh Domhnach na Fola ar an lá sin. Bhí dóchas ag Rialtas na Breataine faoi dheireadh 1920 go raibh smacht á fháil acu ar an tír arís ach faoi earrach 1921 bhí feachtas an IRA a bhí teoranta, cuid mhaith, go dtí sin do Chúige Mumhan agus Baile Átha Cliath ag scaipeadh ar fud na tíre. Ar an 11 Iúil 1921, tháinig Sos Cogaidh i bhfeidhm. Ba léir don dá thaobh nach mbeadh an ba ag ceachtar acu go ceann i bhfad. Bhí easaontas ar an dá thaobh freisin faoin Sos Cogaidh.