Éirinn c. 1900
In ainneoin iarrachtaí a rinne Rialtas na Breataine ag deireadh an naoú haois déag an caighdeán maireachtála in Éirinn a fheabhsú, agus an t-idirdhealú frith-Chaitliceach a mhaolú, agus deiseanna dul chun cinn a chur ar fáil sa bhaile nó in Impireacht na Breataine, bhí móramh mór in Éirinn míshásta le riail na Breataine agus bhí siad ag iarraidh parlaimint dá gcuid féin i mBaile Átha Cliath. Glaodh náisiúnaithe ar na daoine a raibh an pharlaimint sin uathu. Caitlicigh a bhí iontu, den chuid is mó. Bhí a ndearcadh polaitiúil fréamhaithe sa bhéaloideas agus i gcultúr an phobail, in obair eagraíochtaí náisiúnacha nua ar nós Chumann Lúthchleas Gael agus Chonradh na Gaeilge agus bhí sé bunaithe ar thaithí an phobail ar riail na Breataine. Mothaíodh go mba chuma cé chomh tuisceanach agus a bhí Rialtas na Breataine, nach dtuigfí Éireannaigh, a gcultúr, an Caitliceachas ná éilimh an phobail riamh. Den chuid is mó thug náisiúnaithe tacaíocht don Pháirtí Rialtais Dúchais agus a cheannaire John Redmond. Ní saoirse iomlán a bhí i gceist le Rialtas Dúchais, a bpríomh-éileamh. Bheadh go leor cumhachtaí fós ag Rialtas na Breataine agus bheadh an Rí fós ina cheann stáit ar an tír. Den chuid is mó, thriail an Páirtí Rialtais Dúchais a gcuid aidhmeanna a bhaint amach trí pharlaimint na Breataine. Ghlac formhór na ndaoine leis nach n-oibreodh éirí amach agus bhí roinnt náisiúnaithe glan ina aghaidh. Bhí grúpa beag rúnda amháin, Bráithreachas na Poblachta/Na Fíníní - an IRB - a bhí ag súil go mbeadh seans acu éirí amach a bheith acu agus poblacht a bhaint amach. Bhí siadsan ag iarraidh briseadh iomlán ón Rí agus ón Impireacht. Chreid siad nach ngéillfeadh Rialtas na Breataine do phoblacht gan éirí amach. Bhain baill an IRB úsáid as eagraíochtaí eile, faoi rún, ar mhaithe leo féin nó chun daoine a stiúradh i dtreo níos réabhlóidí. Ar deireadh, glaodh aontachtaithe ar na daoine a bhí in aghaidh Rialtais Dúchais nó Poblachta. Den chuid is mó, ba Phrotastúnaigh a bhí sna haontachtaithe, agus iad níos láidre i gCúige Uladh ná áit ar bith eile. Bhí dlúthcheangal idir iadsan agus an Bhreatain ó thaobh a reiligiúin, a gcultúir agus a ngeilleagair de. Bhí imní orthu go gcaillfidís an chumhacht agus an stádas a bhí acu, agus bhí eagla orthu go mbainfeadh náisiúnaithe díoltas amach.