An Saol ina Dhiaidh

Maraíodh go leor de cheannairí na tíre sa Chogadh Cathartha. Cé gur stop an troid, bhí gráin agus fuath ag an dá thaobh ar a chéile. D`fhág go leor poblachtánach an Saorstát sna 1920í mar gheall nach raibh obair ann dóibh, ar chúiseanna éagsúla. D`fhill roinnt acu, níor fhill daoine eile. Faoi 1932 bhí an páirtí nua a bhunaigh de Valera, Fianna Fáil, i gcumhacht. Fuaireadar tacaíocht ó go leor iar-bhall den IRA agus ba bheag difear a bhí idir Fianna Fáil agus an tIRA in go leor ceantar i dtús na 1930í. Thar am chneasaigh roinnt de na goin. Chabhraigh eagraíochtaí cosúil le Conradh na Gaeilge agus Cumann Lúthchleas Gael leis an gcneasú sin. Bhí poblachtánaigh idir dhá chomhairle faoin méid a tharla tar éis 1922 sa Saorstát. Bhíodar sásta faoi ghnéithe áirithe agus míshásta faoi ghnéithe eile. Bhí a bharúil féin ag gach duine. Ní raibh aon fhís chinnte ag poblachtánaigh don Éirínn nua a bheadh acu nuair a bhunófaí an Phoblacht.

An Saol ina Dhiaidh