Beartla Ó Flatharta

San eagrán seo den tsraith chlár Comhluadar labhraíonn Beartla Choilimín Nuala Ó Flatharta as Cuileán, an Cheathrú Rua le Seán Ó Conghaile. Chuaigh an Flathartach leis na hÓglaigh nuair a bhí sé óg, agus ina dhiaidh sin le Sinn Féin agus leis an IRA. Dar leis, is ag iarraidh an dlí a thógáil as lámha na ‘bpóilíos’ a bhí siad. Labhraíonn sé faoi eachtra ar leith a tharla dó féin in aice le Loch Leacrach ar an gCeathrú Rua. Cuireadh i bpríosún i nGaillimh é ina dhiaidh sin. Labhraíonn sé faoi na coinníollacha sa phríosún (bhí 300 príosúnach ann, agus cúigear i ngach cillín), agus faoi theacht na nDúchrónach (‘…lena gcuid Crossley Tenders…agus rifles píleáilte ar an tsráid ar nós cocaí féir…’). Chaith sé seacht mí i nGaillimh. Tugadh go Príosún Mhuinseo ansin é ar feadh míosa, agus as sin go Wormwood Scrubs i Sasana ar feadh seachtaine, agus as sin go Wandsworth. Scaoileadh saor as bpríosún Wandsworth é ar an 25 Iúil 1921 mar chuid den Chonradh. Labhraíonn a bhean freisin, Maggie Uí Fhlatharta, as an nGleann Mór.

Beartla Ó Flatharta