Brian Mac Suibhne

Labhraíonn Brian Mac Suibhne (Barney Sweeney) faoina shaol san Arm agus sna Gardaí. Is ón Mhín Mhór, Tír Chonaill, dó agus chaith sé tréimhse sna hÓglaigh (Arm na hÉireann) sna 1930í. Chuaigh sé sna Gardaí i 1935 agus chaith sé seal i Leitir Móir, i gConamara. Is ar an gCeathrú Rua a chríochnaigh sé a sheal sna Gardaí, mar sháirsint, agus bhí cónaí air i Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe, nuair a taifeadadh an t-agallamh. Labhraíonn sé faoin traenáil a fuair sé, agus faoi na daoine a casadh air. Ina measc siúd, casadh Pat Wallace, ón bPointe ar an gCeathrú Rua, air [12:00] agus iad ag traenáil. Bhí Pat sna Connaught Rangers le linn a gceannairce san India. Déanann sé trácht freisin ar Ó Dálaigh [James Daly], ó Bhealach an Tirialaigh (Co. na hIarmhí), a cuireadh chun báis san India i 1920.

Brian Mac Suibhne