Peats Cháit Ó Flaithearta

Agallamh le Peats Cháit Ó Flaithearta (11/11/1974)

Is cuid d’agallamh a rinneadh le Peats Cháit Ó Flaithearta ó Chlochar, Corca Dhuibhne é seo. Bhí Ó Flatharta sna hÓglaigh le linn thréimhse an Éirí Amach i 1916. Cuireann sé síos ar eachtra ar leith nuair a tháinig orduithe chucu le dul go Trá Lí le bualadh leis an Aud – long a bhí le gunnaí a thabhairt i dtír le cabhrú leis an Éirí Amach. D’fhág sé féin agus a chuid comrádaithe an baile agus shiúil siad go dtí an Daingean a bhí 10 míle uathu. Shroich siad an Daingean ag 4pm an tráthnóna sin. Bhí raidhfil agus piléir ag gach duine acu agus d’fhág siad an Daingean ag 11pm. Bhí an oíche fuar agus fliuch. Shiúil siad trasna na Conarach agus shroich siad Trá Lí ag 10am an mhaidin dár gcionn. Bhí siad tuirseach agus thug baill ó Chumann na mBan bia agus deoch dóibh. Ní raibh mórán eolais acu faoin méid a tharla don Aud, ach ba léir nach ndeachaigh rudaí mar ba chóir, agus ar deireadh fuair ordaíodh dóibh dul abhaile arís.

Peats Cháit Ó Flaithearta