Bríd Ní Loideáin

San eagrán seo den tsraith chlár Sé do Bheatha, cuirtear agallamh ar Bhríd Ní Loideáin (nó Bidí Conboy, nó Bidí Phatch Mhicil) a rugadh in 1899. Tá cónaí uirthi lena mac Tim i gCeapaigh na Creiche, os cionn Loch Measca, gar do Choill an tSiáin i nGaeltacht Thuar Mhic Éadaigh. Ba as Coill an tSiáin, Partraí, do Bhríd ó thús. Ba cheoltóir aitheanta a bhí inti – casann sí an bosca ceoil - agus is sa bhaile a d’fhoghlaim sí a cuid ceoil. Cuireann sí síos ar a saol sa cheantar. Bhíodh Éamon de Valera (‘fear tanaí, ard le srón fhada’) agus Sinéad de Valera ag teacht ar saoire go dtí an ceantar, agus ag tabhairt cuairte ar Choláiste Mhuire, scoil Ghaeilge áitiúil. Bhíodh Pádraig Mac Piarais thart freisin, cé nach bhfaca sí é. Labhraíonn sí faoi na Dúchrónaigh, agus cuimhníonn sí ar an luíochán mór le rá a tharla sa cheantar [luíochán Thuar Mhic Éadaigh is dócha]. Bhí beairic mhór ag an RIC sa cheantar agus lasadh é, agus tá sé tite i léig anois.

Bríd Ní Loideáin