Seán Ó Conghaola
Labhraíonn Seán Ó Conghaola, as Indreabhán, Co. na Gaillimhe, faoin saol i gConamara le linn an Chogaidh Mhóir agus Chogadh na Saoirse. Rugadh é i 1903, agus sa seanchas cois teallaigh chloiseadh sé scéalta uathu siúd bhí i gCogadh na mBórach. Ag an am, agus Sasana ag iarraidh fir óga a earcú, bhí daoine bocht, agus théadh siad áit ar bith le scilling a shaothrú. Bhí dhá bheairic i nGaillimh. Bhí ceann acu ag an droichead mór (the Shambles) agus ba é an Castle Barrack an ceann eile. Tógadh beairic na Rinne Móire idir 1880-1885. Ba iad na Connaught Rangers ba mhó a raibh caint orthu sa cheantar (We are the Connaught Rangers, the boys that felt no dangers…). Scaití d’fheicfeá buíon acu ag teacht, beirt ar bheirt, fir óga, 18-20 bliain d’aois, agus iad slachtmhar agus glan. Déanann Seán cur síos ar leith ar na ‘putties’ a bhíodh ar na saighdiúirí agus an bealach ar leith a bhí ann chun iad a cheangal.
Labhraíonn sé freisin faoi na bealaí earcaíochta a bhí ag an arm, go gceannóidís deoch d’fhir óga ag iarraidh iad a mhealladh isteach. Dá dtógfá an scilling bhí tú liostáilte, agus ní fhéadfá fágáil mura gceannódh do mhuintir amach thú ar dhá phunt. Cuimhníonn sé go maith ar an lá ar phléasc an mianach ar an Lochán Beag, lá breá samhradh a bhí ann agus é fós ar scoil. Chuir muintir na háite currach amach chun é a thabhairt i dtír, ag ceapadh go raibh luach leis an raic, ach shéid sé agus maraíodh naonúr. ‘German mine on the West Coast’ a bhí ráite san Independent faoin eachtra, ach mhaígh Ó Conghaola gur ceann de chuid na Breataine a bhí ann, agus gur ag iarraidh iad féin a chosaint a bhí meáin na bunaíochta.
Níor thaitin coinscríobh leis an bpobal, ach mheas Ó Conghaola nach raibh aon cheo acu in aghaidh na ndaoine a chuaigh in Arm na Breataine. Cuimhníonn sé go mbíodh an dream óg ag imirt spóirt in aice le séipéal an Chnoic (Indreabhán, Co. na Gaillimhe). Lá amháin tháinig an sagart amach chucu ag impí orthu dul chuig Aifreann ionas go ndéanfaí achainí ar Dhia nach dtógfaí in Arm ná in éadach Shasana iad. Nuair a thosaigh Sinn Féin ag neartú, deir Ó Conghaola go raibh náisiúnaithe ar nós an Dr Tomás Breathnach agus Ruairí Mac Easmainn ag iarraidh dul i bhfeidhm ar an dream óg. Ní mar sin a mhothaigh an seandream, a cheap gurb é rialtas Shasana a bhí ag tabhairt chuile rud dóibh. Chuaigh sé féin isteach sna hÓglaigh i 1919, ar ugach ó shagart poblachtánach ón gClochán. Pléann sé gunnaí, agus an chaoi ar fhoghlaim siad le gunnaí a láimhseáil. Deir sé gur an-ghunna a bhí i Mauserna nGearmánach, ach gur gunnaí bréige a bhí acusan. Bhíodh brathadóirí thart ag an am agus chaithfeá a bheith an-rúnda, agus an-chúramach. Pléann Seán Ó Conghaola an cheannairc san India, nuair a d’éirigh baill de na Connaught Rangers amach, agus labhraíonn sé faoin tionchar a bhí ag an éagóir a rinneadh orthu sa bhaile, dar leis. Bhí sé anuas ar bhunaíocht na Breataine, cé go ndúirt sé ‘Níor mhaith liom an tír thall a cháineadh …mar thugadar saothrú do na hÉireannaigh a chuaigh anonn ann….’ Ag deireadh an chláir, labhraíonn Seán Ó Conghaola faoi na hathruithe a tháinig ar an tír, go háirithe le teacht an oideachais.
Labhraíonn Breandán Feiritéar [17:00] leis an údar Seán Ó Conghaola, as na hAille, Indreabhán, Co. na Gaillimhe faoina chuid cuimhní cinn faoin Éirí Amach agus an tréimhse ina dhiaidh. Bhí sé ina dhéagóir le linn an Éirí Amach, agus deir sé nach raibh tuiscint mhaith ag muintir na háite ar an eachtra seachas iad siúd a bhí léannta — múinteoirí agus a leithéid — agus gur thóg sé cúpla bliain sular thuigeadar an comhthéacs agus na himpleachtaí iomlána. Ceapann sé go mb’fhéidir nach raibh sé seo amhlaidh le pobal Ros Muc, mar go raibh an Piarsach i mbun bolscaireachta faoin Éirí Amach (‘ ag craobhscaoileadh an tsoiscéil go háitiúil’) go háitiúil. Luann Ó Conghaola an sagart áitiúil, Séamas Ó Ceallaigh i bparóiste an Chnoic, a bhí ag impí ar an bpobal ón altóir tacú leis na hÓglaigh. Deir sé gur obair chontúirteach a bhí ar bun ag an sagart, i bhfianaise ar tharla den Athair Ó Gríofa as Bearna, a maraíodh i 1921. Déanann sé trácht freisin ar an Dr Breathnach as Tuaim, a bhíodh ag gríosadh Óglaigh an cheantair freisin. Tugann Ó Conghaola le fios gur thosaigh na póilíní ag éirí níos géire ar an bpobal tar éis an Éirí Amach, agus go rabhadar ag leanúint daoine go bhfeicfidís cá raibh siad ag traenáil. Bhí an sagart ag tabhairt foláirimh do dhaoine fanacht glan ar strainséirí, ar fhaitíos gur spíodoirí a bhí iontu. Cuimhníonn sé gur chuir an sagart fios air féin, mar gur chónaigh siad in aice le chéile, lena rá leis go raibh fear nach as an áit é ag dul thart ag ceannach óil do dhaoine.