Pádraig Ó Céidigh

Cuireann Seán Bán Breathnach agallamh ar Phádraig Ó Céidigh (Pat Choilm Phádraig). Bhí Pat 93 bliain d'aois nuair a rinneadh an taifeadadh seo (ar an 1 Bealtaine 1987). Deir Pádraig go gcuimhníonn sé go ndeachaigh Mícheál Ó Droighneáin isteach go Gaillimh ar a rothar maidin an Éirí Amach ag fiosrú faoin scéal. Dar le Pádraig, tógadh Ó Droighneáin, Colm Ó Gaora* agus Pádraig Ó Máille agus caitheadh isteach ar bhád bainte mianach [An Guillemot] a bhí ar ancaire i nduganna na Cathrach iad. Déanann Pádraig cur síos ar mhná an Chladaigh ag tabhairt amach dóibh.

Go gairid ina dhiaidh sin chuaigh Pádraig isteach san IRB - bhí complacht beag thart ar an Spidéal ag an am - agus d’fhan sé leo gur tháinig an scoilt. Bhí sé le Briogáid Oirthear Chonamara, a chlúdaigh an ceantar idir Gaillimh, Casla agus Uachtar Ard. Bhí siad traenáilte go maith, dar leis. Bhí sé ina Aidiúnach Catha, agus ina Cheannfort Catha (nuair a d’éirigh Pat Sheáin Tom as an ról sin). Labhraíonn sé faoin gCogadh Cathartha, agus maíonn sé go bhféadfaí é a sheachaint, murach gníomhaíochtaí de Valera. Bhí an Coileánach mar laoch aige. Dar leis, ní mhairfeadh an chríochdheighilt i bhfad murach an cogadh (luaigh sé ráitis David Lloyd George ina leith seo). Labhraíonn sé freisin faoi chuairt a thug de Valera ar Ghaillimh i 1917, agus an fháilte a chuir Frank Fahy agus Mícheál Ó Droighneáin roimhe. Casann sé amhrán - ceann a fuair sé ó Mhicilín Nana as an Spidéal.

*Gabhadh Colm Ó Gaora i gConga, agus cuireadh go Caisleán an Bharraigh é.

Pádraig Ó Céidigh