Séamus Máirtín

Cuireann Mícheál Ó Sé agallamh ar Shéamus Máirtín (14 Iúil 1975), gréasaí as na Gorta Dubha, ina ndéantar cur síos ar na Dúchrónaigh i gCorca Dhuibhne. ‘Criminals’ a bhí iontu, dar leis, agus iad tar éis marú, goid agus fuadach a dhéanamh i Sasana sular cuireadh go hÉirinn iad. Bhí eagla ar an bpobal rompu, agus dar leis, chuirfí piléar ionat dá labhrófá amach ina n-aghaidh. Thógaidís daoine ó Bhaile an Fheirtéaraigh agus ón Daingean agus thugaidís go Lios Póil iad. Dhóigh siad tithe sa cheantar, ina measc teach Sheáin Uí Mhuircheartaigh ar an droichead sa Daingean. Cé nár mharaigh siad ach fear amháin as Abhainn an Scáil, bhídís ag bualadh daoine. Déanann sé trácht ar fhear ar ionsaigh na Dúchrónaigh é, agus, murach bean ón Daingean a tháinig i gcabhair air, bheadh an fear maraithe acu. Luann sé bunús an fhocail ‘Dúchrónach’ nó ‘Black and Tan’ – mar gur dubh agus crón a bhí ar dhath na héide. Labhraíonn sé freisin faoin lá ar chuala sé gur cailleadh Traolach Mac Suibhne i Londain Shasana.

Séamus Máirtín