Tomás Ó Loideáin

Sa gcéad agallamh, in eagrán den tsraith chlár Comhluadar, déanann Tomás Ó Loideáin (Tom Mháirtín) as an Tuar beag sa Spidéal cur síos ar a shaol. Pléitear téamaí éagsúla ar nós poitín, an aithne a bhí aige ar Mháirtín Ó Cadhain, agus na Dúchrónaigh agus iad ag dó tithe i rith Chogadh na Saoirse. I measc na nithe a phléitear, déanann sé trácht ar eachtra inar chaith na Dúchrónaigh buama isteach i dteach Mhíchíl Uí Dhroighneáin agus daoine fós istigh ann. Is beag meas a bhí aige ar na húdaráis áitiúla (an RIC) freisin - ‘Bhí cuid de na sean-phóilíos go dona’, dar leis. Cuimhníonn sé freisin ar an sos cogaidh, agus ar an gCogadh Cathartha. Is leis an abairt seo a leanas faoi Tom Mháirtín a chuireann an láithreoir, Seán Ó Conghaile, críoch leis an gclár: ‘Is minic a deir sé, agus é ar an mbicycle, go raibh an ghaoth ina aghaidh…bhuel tá súil againn go mbeidh an chóir aige an chuid eile dhá shaol’.

Sa dara mhír, cuireann Máirtín Davy Ó Coisdealbha agallamh ar Thomás. Tá litir ó Phádraig Mac Piarais i bhfráma ag Máirtín, a seoladh ó oifigí An Claidheamh Soluis (24 Sráid Uí Chonaill, Baile Átha Cliath) ar 19 Aibreán 1904 chuig teach Uí Loideáin. Bhíodh muintir an tí ag roinnt sean-scéalta fiannaíochta leis an bPiarsach. Bhíodh Pádraig Mac Piarais ag fanacht sa teach, agus é ag múineadh sa choláiste sa Spidéal.

 

Tomás Ó Loideáin